Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Releases 2022 > September

14/09/2022 - Dungloe Regeneration Strategy published

 

 

Donegal County Council in conjunction with GM Design Associates is pleased to announce the publication of an ambitious and creative Regeneration Strategy and Action Plan for An Clochán Liath (Dungloe) Town Centre. It is a regeneration focused roadmap of key priorities and actions for the sustainable regeneration of An Clochán Liath (Dungloe) Town Centre to 2040 and beyond. The project is funded by Donegal County Council and is a result of collaboration with the local community, Donegal County Council and GM Design Associates.

 

Cathaoirleach of the Glenties Municipal District, local Councillor Cllr. Anthony Molloy, congratulated all involved saying “the publication of the Regeneration Strategy and Action Plan for Dungloe Town Centre is a major milestone for the town and recognises its importance as a key strategic town serving the west of the county”. “Dungloe has a wealth of natural assets and cultural heritage that have been recognised throughout the range of ideas, actions and projects identified within the Strategy & Action Plan, and through its implementation the special significance of Dungloe will be enhanced to create an attractive and vibrant place for all to enjoy”. “I would like to acknowledge the vision of the consultants, GM Design, and the role the wider community played in helping to shape the Strategy in establishing an exciting roadmap for Dungloe town centre.”

 

The Regeneration Strategy and Action Plan identifies a number of key actions for the town centre spread across four principle themes including a series of streetscape enhancements to Main Street, the conservation of the Townscape character and the enhancement of town centre buildings, improved connections between Main Street, the Bay and the River, the transformation of the Waterfront and Pier areas and improvements to gateways and signage. A number of actions have been developed to preliminary concept design stage such as the improvement of the junction of Main Street and Cranmore Road, the transformation of the Waterfront area to a key waterside civic space, the re-imagining of Dungloe Bridge as a focal feature of the town centre, and the provision of enhanced play and recreational facilities.

 

The Regeneration Strategy and Action Plan is now available for all stakeholders to access and to work collaboratively to implement. Liam Ward, Director of Community Development and Planning Services outlined, “this ambitious Regeneration Strategy is critical to guide future projects and funding and help to encourage exciting town centre initiatives across the public, private and community sectors”. “We will ensure the promotion of the Strategy and Action Plan across all our stakeholders and Donegal County Councils Services and into our wider networks including the Diaspora network and the Public Participation Network so that we can capitalise on opportunities to implement actions collectively”. “Following the publication of the Strategy & Action Plan the Council’s Regeneration and Development Team will begin developing a Town Centre Regeneration Project for the centre of Dungloe, which will aim to deliver on a number of the actions of the Regeneration Strategy & Action Plan and bring about major transformational change in the heart of the town.”

 

Jonny Stewart of GM Design Associates described the town saying “Dungloe is a place full of exceptional assets such as its strong community spirit, its unique history and heritage, its fantastic coastal location and its important strategic location as a ‘gateway’ to ‘the Rosses’”. “This Strategy and Action Plan builds on all these assets and offers a wonderful opportunity to maximise Dungloe’s potential and we look forward to seeing the various projects develop and the transformation of the town to an even more vibrant, viable and attractive place to live, work and visit.”

 

The An Clochán Liath (Dungloe) Town Centre Regeneration Strategy & Action Plan will launch on 14th September 2022 and the Strategy & Action Plan and associated Masterplan are available to view/download online at www.donegalcoco.ie and at Council offices.

 

 

 

 

 

Straitéis foilsithe i Mí Mheán Fómhair 2022

 

Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le GM Design Associates, a fhógairt go bhfuil Plean Gníomhaíochta agus Straitéis Athbheochana do Lár Baile an Chlocháin Léith, plean atá ardaidhmeannach agus cruthaitheach, foilsithe againn. Is plean é atá dírithe ar phríomhthosaíochtaí agus ar phríomhghníomhartha chun Lár Baile an Chlocháin Léith a athnuachan ar dhóigh inbhuanaithe go dtí 2040 agus ina dhiaidh. Is í Comhairle Contae Dhún na nGall atá ag maoiniú an tionscadail agus is toradh é ar chomhoibriú idir an pobal áitiúil, Comhairle Contae Dhún na nGall agus GM Design Associates.

 

Thréaslaigh Cathaoirleach Cheantar Bardais na nGleanntach, an Comhairleoir Anthony Molloy, le gach duine a bhí páirteach agus dúirt sé: ‘Is ócáid mhór é don bhaile go bhfuil An Straitéis Athbheochana agus Plean Gníomhaíochta do Lár Baile an Chlocháin Léith foilsithe anois, agus aithníonn sé tábhacht an bhaile mar phríomhbhaile straitéiseach atá ag freastal ar iarthar an chontae. Tá neart acmhainní nádúrtha  agus oidhreacht chultúrtha ag an Chlochán Liath atá aitheanta sna réimsí smaointe, gníomhartha agus tionscadal laistigh den Straitéis agus Plean Gníomhaíochta, agus tríd an phlean a chur i bhfeidhm cuirfear le tábhacht an Chlocháin Léith mar áit tharraingteach agus bhríomhar a dtig le gach duine sult agus tairbhe a bhaint as. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don fhís a bhí ag an lucht comhairleoireachta, GM Design, agus don ról a bhí ag an phobal i gcoitinne agus iad ag cuidiú leis an Straitéis a mhúnlú chun plean spreagúil a bhunú do lár baile an Chlocháin Léith.’

Aithníonn an Straitéis Athbheochana agus Plean Gníomhaíochta roinnt príomhghníomhartha do lár an bhaile, trasna ceithre phríomhthéama ar a n-áirítear sraith d’fheabhsúcháin sráid-dreacha ar an Phríomhshráid, tréithe an bhaile-dhreacha a chaomhnú agus feabhas a chur ar fhoirgnimh lár baile, nascálacha níos fearr idir an Príomhshráid, an Bá agus an Abhainn, athrú ó bhonn thart ar Imeall an Uisce agus an Ché, agus feabhsúcháin ar gheatabhealaí agus ar chomharthaíocht. Tá forbairt déanta ar chuid de na gníomhartha go dtí céim choincheap an dearaidh, amhail an feabhas ar an acomhal idir an Príomhshráid agus Bóthar an Chairn Mhóir, Imeall an Uisce a fhorbairt mar spás tábhachtach poiblí cois uisce, Droichead an Chlochláin Léith a athshamhlú mar áis inspéise i lár an bhaile, agus áiseanna breise súgartha agus fóillíochta a sholáthar.

 

Tá an Straitéis Athbheochana agus Plean Gníomhaíochta ar fáil anois do na páirtithe leasmhara ar fad le bheith ag obair ar bhonn comhoibritheach air lena chur i bhfeidhm. Dúirt Liam Mac an Bhaird, An Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála: ‘tá an Straitéis Athbheochana ardaidhmeannach seo fíorthábhachtach chun treoir a thabhairt do thionscadail eile agus do chúrsaí maoinithe san am atá romhainn, agus chun cuidiú le tionscnaimh spreagúla lár baile a chothú sna hearnálacha poiblí, príobháideacha agus pobail. Cinnteoidh muid go ndéanfar an Straitéis agus Plean Athbheochana a chur chun cinn i measc na bpáirtithe leasmhara ar fad, i measc sheirbhísí Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus i measc gréasáin níos leithne amhail gréasán an Diaspóra agus an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí, le go dtig linn gach deis a thapú chun gníomhartha a chur i bhfeidhm ar bonn comhoibritheach. Agus an Straitéis agus Plean Gníomhaíochta seo foilsithe againn, tosóidh Foireann Athbheochana agus Forbartha na Comhairle ag forbairt Thionscadal Athbheochana Lár Baile le haghaidh lár baile an Chlocháin Léith, a mbeidh sé d’aidhm aige roinnt gníomhartha sa Straitéis Athbheochana agus Plean Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm agus athrú mór suntasach a dhéanamh i gcroílár an bhaile.’

 

Chuir Jonny Stewart ó GM Design Associates síos ar an bhaile mar seo: ‘Is baile mór é an Clochán Liath atá lán d’acmhainní ar leith amhail a spiorad láidir pobail, a stair agus oidhreacht uathúil, a shuíomh iontach cois cósta agus a shuíomh tábhachtach straitéiseach mar ‘thairseach’ chun na Rosann. Tógann an Straitéis agus Plean Gníomhaíochta seo ar na hacmhainní seo ar fad agus tugann sé deis iontach dúinn an méid is mó is féidir a dhéanamh don Chlochán Liath agus tá muid ag súil leis na tionscadail éagsúla a fheiceáil ag dul chun cinn, agus leis an bhaile mór a bheith athraithe ó bhonn go dtí baile mór atá fiú níos bríomhaire, níos inmharthana agus níos tarraingtí mar áit le cónaí ann, le hobair ann agus le cuairt a dhéanamh ann’.

 

Seolfar An Straitéis Athbheochana agus Plean Gníomhaíochta do Lár Baile an Chlocháin Léith ar an 14 Meán Fómhair 2022 agus tá an Straitéis agus Plean Gníomhaíochta, chomh maith leis an Mháistirphlean a ghabhann leis, ar fáil le hamharc orthu nó agus le híoslódáil ar líne ag www.donegalcoco.ie agus ag oifigí de chuid na Comhairle.

 

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO